Irimia 52 ABN

Aguisín

Athaithris ar Ghabháil Iarúsailéim

1 Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.

2 Rinne sé an ní ab olc i súile an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím roimhe.

3 Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.

4 Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.

5 Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t‑aonú bliain déag de réimeas Zidicíá.

6 Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,

7 rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá.

8 Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

9 Ghabh siad an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é i dtír Hamát, agus thug seisean breith air.

10 Chuir rí na Bablóine mic Zidicíá chun báis os a chomhair agus mharaigh flatha uile Iúdá i Ribleá;

11 ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug rí na Bablóine leis chun na Bablóine é agus chuir i bpríosún é go lá a bháis.

12 Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.

13 Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.

14 Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí go léir a bhí thart ar Iarúsailéim.

15 Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

16 D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.

17 Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.

18 Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'usáidtí i seirbhís an Teampaill.

19 Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

20 Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.

21 Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde, dhá bhanlámh dhéag ina thimpeall; bhí sé ceithre orlach ar thiús, agus é folamh.

22 Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.

23 Bhí nócha sé pomagránait ar sileadh anuas, ag déanamh céad pomagránait ar fad timpeall ar an bhfíolagrán.

24 Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí.

25 Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.

26 Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá.

27 Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.

28 Mar seo leanas uimhir na ndaoine a díbríodh ag Nabúcadnazar thar tír amach: sa seachtú bliain, trí mhíle Giúdach agus triúr ar fhichid;

29 san ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar, rug sé leis as Iarúsailéim ocht gcéad tríocha a dó duine;

30 sa tríú bliain fichead de réimeas Nabúcadnazar, rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i láimh de na Giúdaigh seacht gcéad agus cúigear is daichead. Ceithre mhíle agus sé chéad, an uimhir ar fad.

31 Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.

32 Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin.

33 Chuir Iahóiácaím a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí.

34 Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, ar feadh a shaoil fad a mhair sé.