1 Éistigí a theach Iosrael, leis an mbriathar a deir an Tiarna libh.
2 Is mar seo a deir an Tiarna:“Ná toghaigí bealaí na náisiún,ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe,bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu.
3 Is neamhní é uafás na bpobal,ní mó ná crann é a leagadh san fhoraois,saothar lámh an oibrí leis an tua,
4 maisíodh ansin é le hairgead agus le hór.Daingníonn siad le tairní agus le casúr iad,le nach dtitfeadh siad.
5 Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán,agus balbh dá réir;is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu.Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamhná fós, an mhaith!”
6 Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna;tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.
7 Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit,ó a Rí na gciníocha?Sea, is duitse is dual é seo.De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha,agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.