17 Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach,sibhse atá faoi léigear!
18 Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo,agus cuirfidh mé i sáinn iad,féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”
19 Mo thrua mise de bhrí mo chréachta!Tá mo chneá gan leigheas!Dúirt mé liom féin:“Is doilíos é seo d'fhéadfaí a fhulaingt;
20 ach anois tá mo bhoth scriosta,mo rópaí uile briste,d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann;níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair,ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”
21 Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta;ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sinní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.
22 Scéala! Scéala chugainn!Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceartle go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.
23 Is maith atá a fhios agat, a Thiarna,nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duinea shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.