6 Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna;tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.
7 Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit,ó a Rí na gciníocha?Sea, is duitse is dual é seo.De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha,agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.
8 Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta:is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,
9 - airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír -obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir;saothar ceardaí éigin iad go huile;gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.
10 Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo.Is é an Rí síoraí é.Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg,ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
11 (Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)
12 Is é a rinne an talamh lena chumhacht,is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.