1 An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:
2 “Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim.
3 Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n‑éisteann briathra an chonartha seo
4 a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,
5 le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”
6 Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad.