12 Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.
13 Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe,ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.
14 “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.
15 Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa?Tá cur i gcéill ar siúl aici!An bhféadann móideanna agusfeoil choisricthe do chiontacht a chur díot?An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?
16 Crann ola breá géagach, daingean,a thug an Tiarna d'ainm ort.Faoi ghreadadh gaoithe móirecuireann sé tine lena dhuilliúr;tá a chraobhacha ar lasadh.
17 “Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”
18 D'fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom.