17 “Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”
18 D'fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom.
19 11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”
20 Ach, a Thiarna na Slua,is tú an breitheamh cóir,is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí;feicimse do dhíoltas orthu,mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.
21 Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.”
22 “Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n‑ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n‑iníonacha le gorta.
23 Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.”