4 a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,
5 le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”
6 Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad.
7 Mar an lá a thug mé bhur n‑aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.
8 Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d'ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.”
9 Dúirt an Tiarna liomsa: “Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim.
10 Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.