9 Dúirt an Tiarna liomsa: “Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim.
10 Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.
11 Ar an ábhar sin - is mar seo a deir an Tiarna - tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.
12 Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.
13 Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe,ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.
14 “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.
15 Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa?Tá cur i gcéill ar siúl aici!An bhféadann móideanna agusfeoil choisricthe do chiontacht a chur díot?An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?