1 Is ceart atá tú, a Thiarna,nuair a dhéanaim casaoid ort.Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú.Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine?Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
2 Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh,fásann agus tugann siad toradh.Tá tusa i gcónaí ar a mbéal,ach i bhfad óna gcroí.
3 Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm;dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha.Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir,coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.
4 (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.)De bhrí go n‑abrann siad:“Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
5 Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe,agus go dtraochann siad thú,conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra?Má tá tú míshocair i dtír na síochána,céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?
6 “Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort.Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte.Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”
7 “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.