12 Tá na scriosadóirí tagthago gach cnocán lom san fhásach(óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann);ó cheann ceann na tírení bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
13 Cruithneacht a chuir siad i dtalamh,ach baineann siad dreas.Chuir siad iad féin chun saothair,ach ba é an saothar in aisce é.Loiceann barraí an fhómhair orthu,mar gheall ar fhearg an Tiarna.”
14 Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)
15 Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.
16 Agus má thabharfaidh siad dá n‑aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m'ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail.
17 Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin - an Tiarna a labhraíonn.”