4 (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.)De bhrí go n‑abrann siad:“Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
5 Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe,agus go dtraochann siad thú,conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra?Má tá tú míshocair i dtír na síochána,céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?
6 “Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort.Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte.Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”
7 “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.
8 Tá m'oidhreacht domsamar bheadh leon san fhoraois;búireann sí liom go fíochmhar;mar sin, fuathaím anois í.
9 Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breaca mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh?Tagaigí, a bheithíocha allta,cruinnígí chun slogtha.
10 Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna,shatail siad faoi chois mo chomhroinn,rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.