7 “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.
8 Tá m'oidhreacht domsamar bheadh leon san fhoraois;búireann sí liom go fíochmhar;mar sin, fuathaím anois í.
9 Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breaca mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh?Tagaigí, a bheithíocha allta,cruinnígí chun slogtha.
10 Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna,shatail siad faoi chois mo chomhroinn,rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.
11 Rinneadh aonaránach í,áit uaigneach i mo shúile.Rinneadh fásach den dúiche ar fad,agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.
12 Tá na scriosadóirí tagthago gach cnocán lom san fhásach(óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann);ó cheann ceann na tírení bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
13 Cruithneacht a chuir siad i dtalamh,ach baineann siad dreas.Chuir siad iad féin chun saothair,ach ba é an saothar in aisce é.Loiceann barraí an fhómhair orthu,mar gheall ar fhearg an Tiarna.”