1 Dúirt an Tiarna é seo liom: “Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.”
2 Cheannaigh mé crios ansin mar a d'ordaigh an Tiarna dom agus chuir faoi mo chom é.
3 Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair:
4 “Tóg an crios a cheannaigh tú agus atá faoi do chom; éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus folaigh ansin é i bpoll sa charraig.”
5 D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.
6 Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: “Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d'ordaigh mé duit a fholach ann.”
7 D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.