14 Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”
15 Éistigí, tugaigí cluas, ná bígí uaibhreachtá an Tiarna ag labhairt.
16 Tugaigí glóir don Tiarna ár nDiasula mbéarfaidh sé dorchadas anuas,sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha.Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é,déanfar de dorchacht tiubh.
17 Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo,caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar,líonfaidh mo shúile le deora,mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
18 Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair:“Suígí in áit níos ísle,mar gur thit anuas díbhcoróin bhur nglóire.”
19 Tá bailte an Neigib druidte suas,gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine.Rugadh Iúdá uile ar shiúl,tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.
20 “Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dreamatá ag teacht anois as an tuaisceart.Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh,an tréad as a ndéanfá mórtas?