17 Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo,caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar,líonfaidh mo shúile le deora,mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
18 Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair:“Suígí in áit níos ísle,mar gur thit anuas díbhcoróin bhur nglóire.”
19 Tá bailte an Neigib druidte suas,gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine.Rugadh Iúdá uile ar shiúl,tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.
20 “Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dreamatá ag teacht anois as an tuaisceart.Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh,an tréad as a ndéanfá mórtas?
21 Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ortmar bhuaiteoirí,an dream a mhúin tú féina bheith mar chairde agat?Nach mbéarfaidh doilíos ortfearacht mná i dtinneas clainne?
22 Má deir tú leat féin i do chroí:‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’Is mar gheall ar mhéid d'oilca ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
23 An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairtnó an liopard a bhreacadh?Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh,tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?