19 Tá bailte an Neigib druidte suas,gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine.Rugadh Iúdá uile ar shiúl,tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.
20 “Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dreamatá ag teacht anois as an tuaisceart.Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh,an tréad as a ndéanfá mórtas?
21 Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ortmar bhuaiteoirí,an dream a mhúin tú féina bheith mar chairde agat?Nach mbéarfaidh doilíos ortfearacht mná i dtinneas clainne?
22 Má deir tú leat féin i do chroí:‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’Is mar gheall ar mhéid d'oilca ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
23 An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairtnó an liopard a bhreacadh?Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh,tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?
24 Scaoilfidh mé ó chéile thú ar nós cáthaa imíonn le gaoth an fhásaigh.
25 Seo é cuid do thomhais,do thuarastal uaimse in íoc do shéanta- an Tiarna a labhraíonn - mar gur lig tú mise i ndearmadagus gur thaobhaigh tú le bréag.