4 “Tóg an crios a cheannaigh tú agus atá faoi do chom; éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus folaigh ansin é i bpoll sa charraig.”
5 D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.
6 Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: “Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d'ordaigh mé duit a fholach ann.”
7 D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.
8 Ansin tháinig briathar an Tiarna chugam:
9 “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Sa chaoi chéanna millfidh mé uabhar Iúdá agus Iarúsailéim.
10 An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.