10 Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.
11 Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.
12 Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
13 D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”
14 Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.
15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.
16 “Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.