Irimia 14:12-18 ABN

12 Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”

13 D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”

14 Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.

15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.

16 “Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.

17 “Abair an briathar seo leo:‘Sileann deora ó mo shúilede lá agus d'oíche, gan scor,óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire,buille rónimheanta.

18 Má théim amach faoin tuath,féach na mairbh sínte leis an gclaíomh!Má théim isteach sa chathair,feicim an dream atá tinn le hocras;fiú na fáithe agus na sagairt,treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”