15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.
16 “Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.
17 “Abair an briathar seo leo:‘Sileann deora ó mo shúilede lá agus d'oíche, gan scor,óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire,buille rónimheanta.
18 Má théim amach faoin tuath,féach na mairbh sínte leis an gclaíomh!Má théim isteach sa chathair,feicim an dream atá tinn le hocras;fiú na fáithe agus na sagairt,treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”
19 Ar thréig tú Iúdá amach agus amach?An fuath le d'anam Síón?Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn?Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin!Le ham tarrthála - ach féach scanradh!
20 A Thiarna, admhaímid ár n‑olcagus éigeart ár n‑aithreacha;go dearfa pheacaíomar i d'aghaidhse.
21 Ar son d'ainmse ná diúltaigh sinn,ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire.Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn.