16 “Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.
17 “Abair an briathar seo leo:‘Sileann deora ó mo shúilede lá agus d'oíche, gan scor,óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire,buille rónimheanta.
18 Má théim amach faoin tuath,féach na mairbh sínte leis an gclaíomh!Má théim isteach sa chathair,feicim an dream atá tinn le hocras;fiú na fáithe agus na sagairt,treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”
19 Ar thréig tú Iúdá amach agus amach?An fuath le d'anam Síón?Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn?Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin!Le ham tarrthála - ach féach scanradh!
20 A Thiarna, admhaímid ár n‑olcagus éigeart ár n‑aithreacha;go dearfa pheacaíomar i d'aghaidhse.
21 Ar son d'ainmse ná diúltaigh sinn,ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire.Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn.
22 An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn?An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt?Ach is tusa féin é, a Thiarna.Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas,is tú a dhéanann gach ní acu seo.