2 “Tá Iúdá ag caoineadh,tá a bailte ag déanamh dobróinagus iad íslithe go talamh;téann éamh ó Iarúsailéim suas.
3 Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce,tagann siad chun na ndabhach,agus ní bhfaigheann uisce,filleann siad gona soithí folmha.
4 Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt,mar ní raibh fearthainn ann;tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.
5 Fiú na heilite, nach dtréigeann sí ar an réiteacha hoisín nuabheirthe, mar nach bhfuil féar ann.
6 Tá saothar anála ar na hasail fhiáineina seasamh dóibh ar na cnocáin loma,mar a bheadh seacáil ann;éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”
7 Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh,déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein!Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis,pheacaíomar i d'aghaidhse!
8 Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael,a shlánaitheoir in am an anó,cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo,mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?