8 Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael,a shlánaitheoir in am an anó,cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo,mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?
9 Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall,mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn?Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc,gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!
10 Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.
11 Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.
12 Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
13 D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”
14 Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.