14 “Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
15 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
16 “Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.
17 Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
18 Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”
19 Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean,mo chúl dídine i lá na hainnise!Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talúnagus déarfaidh siad:“Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga,díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
20 An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin?Más ea, ní déithe iad in aon chor!”