1 “Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn,tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroíagus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan
2 (a n‑altóirí agus a gcuaillí coisricthe, ag gach crann craobhach, ar na cnoic arda, ar na sléibhte, amuigh faoin tuath).
3 Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreachmar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.
4 Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit;tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhdeóir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách,i dtír nach aithnid duit.”