16 Ach maidir liomsa,níor spreag mé riamh thú chun an oilc,ní mó ba mhian liom an lá mairgneach,tá a fhios seo agatsa;ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.
17 Ná bí i do uafás domsa, tusa, is dídean dom i lá an oilc.
18 Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise;cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa.Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!
19 Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: “Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach - agus i ngeataí uile Iarúsailéim.
20 Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.
21 Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é.
22 Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d'ordaigh mise do bhur n‑aithreacha.