2 (a n‑altóirí agus a gcuaillí coisricthe, ag gach crann craobhach, ar na cnoic arda, ar na sléibhte, amuigh faoin tuath).
3 Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreachmar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.
4 Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit;tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhdeóir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách,i dtír nach aithnid duit.”
5 Is mar seo a deir an Tiarna:“Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine,agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola,agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.
6 Is cosúil é le grágán tóir san fhásach;má thagann maith ní fheiceann sé í;cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh,i bhfearann saillte atá gan áitreabh.
7 Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarnaagus arb é an Tiarna a dhóchas.
8 Is cosúil é le crann atá lámh le huisce,agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill,mar fanann a dhuilliúr glas;ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta,mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.