8 Is cosúil é le crann atá lámh le huisce,agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill,mar fanann a dhuilliúr glas;ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta,mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.
9 Tá an croí cealgach thar gach rud eile,agus urchóideach lena chois;cé a fhéadann é a ransú?
10 Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin,a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompairagus de réir toradh a ghníomhartha.
11 Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí,is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart;ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta,agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
12 Is ríchathaoir ghlórmhar,suite in airde ó thosach,áit ár sanctóra.
13 Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael!Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa,na daoine a iompaíonn uaitsesracfar ó fhréamh iad as an tír,de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.
14 Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte,sábháil mé agus beidh mé sábháilte,óir is tú amháin mo [dhóchas].