11 Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’
12 Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’ ”
13 “Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna:Fiafraígí anois i measc na náisiúncé chuala a leithéid seo:Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.
14 An n‑imíonn sneachta na Liobáineón gcarraig bheannach?An dtéann na huiscí maorgaa bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?
15 Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise!Loscann siad a dtúis do neamhní!D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh,ag gabháil na seanbhóithre,ag siúl dóibh sna cosáin chama,ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.
16 Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach;déanfar ábhar fonóide di go deo;an té a rachaidh thairsti beidh uafás airagus craithfidh sé a cheann.
17 Mar a dhéanfadh an ghaoth anoirscaipfidh mé iad roimh an namhaid.Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh,ar lá a dtruamhéile.”