14 An n‑imíonn sneachta na Liobáineón gcarraig bheannach?An dtéann na huiscí maorgaa bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?
15 Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise!Loscann siad a dtúis do neamhní!D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh,ag gabháil na seanbhóithre,ag siúl dóibh sna cosáin chama,ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.
16 Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach;déanfar ábhar fonóide di go deo;an té a rachaidh thairsti beidh uafás airagus craithfidh sé a cheann.
17 Mar a dhéanfadh an ghaoth anoirscaipfidh mé iad roimh an namhaid.Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh,ar lá a dtruamhéile.”
18 “Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
19 Tabhair cluas dom, a Thiarna,éist le céard tá á rá ag mo naimhde.
20 Ar chuí ceart a chúiteamh le holc?(Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.)Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaiseag labhairt ar a son,le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.