17 Mar a dhéanfadh an ghaoth anoirscaipfidh mé iad roimh an namhaid.Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh,ar lá a dtruamhéile.”
18 “Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
19 Tabhair cluas dom, a Thiarna,éist le céard tá á rá ag mo naimhde.
20 Ar chuí ceart a chúiteamh le holc?(Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.)Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaiseag labhairt ar a son,le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.
21 Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta;tabhair suas iad do bhéal an chlaímh.Go raibh a mná céile gan sliocht,go bhfágtar ina mbaintreacha iad.Go n‑éaga a bhfir den phlá;go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.
22 Go gcluintear scread maidine as a dtithenuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu.Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse;d'fholaigh siad líonta do mo chosa.
23 Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat,do mo mharú.Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc.Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d'aigne,nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú d'fhearg orthu.