8 Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.
9 Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n‑iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”
10 Brisfidh tú an crúsca seo i radharc na bhfear atá in éineacht leat,
11 agus déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís.
12 Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d'uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo - an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.
13 Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”
14 Ar a theacht ar ais do Irimia as Toifit mar ar chuir an Tiarna é a fháidheoireacht, sheas sé i gcúirt Theampall an Tiarna agus dúirt leis an bpobal uile: