10 Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár.Meabhraígí go cúramachféachaint ar tharla a leithéid seo riamh.
11 An malartaíonn cine a ndéithe?- agus ní déithe in aon chor iad seo!Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóirar rud gan mhaith.
12 Bíodh uafás oraibh, a neamha;faoin ní seo bíodh uamhan oraibhcrithigí le heagla- an Tiarna a labhraíonn.
13 Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta:thréig siad mise, foinse an uisce bheo,agus thochail siad dabhcha dóibh féin,dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
14 An sclábhaí mar sin Iosrael?Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é,go ndéantar é a chreachadh mar seo?
15 Bhúir na leoin air,thógadar a nguth in ard a gcinn.Rinneadar fásach dá dhúiche;tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.
16 Bhearr muintir Nof agus Thachpanaesfiú baithis do chinn!