18 Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt,a ól uisce na Níle?Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír,a ól uisce na hAbhann?
19 Tá d'olc féin do do smachtú,do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú;bíodh a fhios go maith agatgur searbh agus gurb olc an mhaise duitan Tiarna do Dia a thréigeanagus gan m'eagla a bheith ionat- is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
20 Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing,ó réab tú do chuibhreacha,á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ardagus faoi gach crann craobhachluigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
21 Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal,ceap fírinneach tríd agus tríd.Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin,a fhíniúin thruaillithe?
22 Bíodh go nífeá thú féin i mbuacagus go dtógfá chugat mórán gallúnaí,bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire- is é an Tiarna Dia a labhraíonn.
23 Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe,ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’?Féach, lorg do chos sa ghleann,agus admhaigh céard tá déanta agat.Camall baineann anonn agus anall,
24 déanann sí ar an bhfásachag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach.Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir?Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg.Gheofar í [ag cúpláil].