2 “Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna:‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoigean t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach,i bhfearann nár cuireadh.
3 Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair;Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as;tháinig an anachain orthu,is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
4 Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael.
5 Seo mar a deir an Tiarna:“Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsaa thug orthu mise a thréigean?Shiúladar ar lorg díomhaointis,agus rinneadh díomhaoin iad.
6 Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna,a thug aníos sinn as tír na hÉigipte,a threoraigh sinn tríd an bhfiántas,trí fhearann lom fásaigh,tír thriomaigh dhorcha,tír nach siúlann aon taistealaíagus nach bhfuil cónaí duine ann?’
7 Thug mé sibh go tír thorthúil,a ithe a torthaí agus a maitheasa;ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúichego ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.
8 Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh;rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál,ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.