24 déanann sí ar an bhfásachag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach.Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir?Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg.Gheofar í [ag cúpláil].
25 Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga,go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart.Ach dúirt tú: ‘Nach cuma?Óir táim i ngrá le strainséiríagus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’
26 Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air,is mar sin a bheidh ag teach Iosrael;iad uile, a ríthe, a bprionsaí,a sagairt, a bhfáithe,
27 a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’Iompaíonn siad a ndroim liomsaagus ní hé a n‑aighthe;ach in am a mbuartha béiceann siad:‘Éirigh agus sábháil sinn.’
28 Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin?Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha!Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe;ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
29 Cén chúis ghearáin atá agaibh orm?D'éirigh sibh uile amach i m'aghaidh- is é an Tiarna a labhraíonn.
30 Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac;níor ghabh sibh aon cheartú;bhur gclaíomh féin, mar leon craosach,a mharaigh bhur bhfáithe.