26 Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air,is mar sin a bheidh ag teach Iosrael;iad uile, a ríthe, a bprionsaí,a sagairt, a bhfáithe,
27 a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’Iompaíonn siad a ndroim liomsaagus ní hé a n‑aighthe;ach in am a mbuartha béiceann siad:‘Éirigh agus sábháil sinn.’
28 Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin?Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha!Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe;ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
29 Cén chúis ghearáin atá agaibh orm?D'éirigh sibh uile amach i m'aghaidh- is é an Tiarna a labhraíonn.
30 Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac;níor ghabh sibh aon cheartú;bhur gclaíomh féin, mar leon craosach,a mharaigh bhur bhfáithe.
31 A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia:An raibh mise i m'fhásach do Iosrael,nó i m'fhearann dlúth dorcha?Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa:‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
32 An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí,nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta?Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal miselaethanta gan áireamh.