30 Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac;níor ghabh sibh aon cheartú;bhur gclaíomh féin, mar leon craosach,a mharaigh bhur bhfáithe.
31 A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia:An raibh mise i m'fhásach do Iosrael,nó i m'fhearann dlúth dorcha?Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa:‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
32 An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí,nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta?Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal miselaethanta gan áireamh.
33 Nach maith is eol duit an tslí ar lorg grá!Go deimhin shiúil tú chomh eolach sini slí na gciontach,
34 go léiríonn do lámhalorg fola na neamhchiontach.Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd!Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.
35 Deir tú: ‘Táimse saor ó locht,tá a fhearg iompaithe uaim.’Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ortmar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’
36 Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa!Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigiptdíreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.