7 Thug mé sibh go tír thorthúil,a ithe a torthaí agus a maitheasa;ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúichego ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.
8 Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé.D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh;rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál,ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
9 Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibhan Tiarna a labhraíonn -agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.
10 Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár.Meabhraígí go cúramachféachaint ar tharla a leithéid seo riamh.
11 An malartaíonn cine a ndéithe?- agus ní déithe in aon chor iad seo!Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóirar rud gan mhaith.
12 Bíodh uafás oraibh, a neamha;faoin ní seo bíodh uamhan oraibhcrithigí le heagla- an Tiarna a labhraíonn.
13 Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta:thréig siad mise, foinse an uisce bheo,agus thochail siad dabhcha dóibh féin,dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.