Irimia 20:3-9 ABN

3 An lá dár gcionn d'ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t‑ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás.

4 Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.

5 Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.

6 Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’ ”

7 Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;rug tú bua orm; ba thú ba threise.Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,is ceap magaidh mé ag gach aon duine.

8 Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orma fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsaagus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.

9 Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,í dúnta istigh i mo chnámha.Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.Ní fhéadaim é a fhulaingt.