3 Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá:
4 ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.
5 Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór.
6 Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás.
7 Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’
8 “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.
9 An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil.