Irimia 21:7-13 ABN

7 Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

8 “Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.

9 An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil.

10 Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”

11 “Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna,

12 rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna:‘Gach maidin tabhair breith cheart,tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart airas láimh fhear a ansmachta,nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine,loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.

13 Is libhse a dhéanaim achrann,libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh- an Tiarna a labhraíonn -libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinneagus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?