1 “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn.
2 Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.
3 Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.
4 Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.
5 Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn -agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.