14 Ach i bhfáithe Iarúsailéimchonaic mé na nithe gránna:adhaltranas, síoréitheach,an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,nach bhfilleann aon duine óna olc;tá siad domsa mar Shodom,a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Sluai dtaobh na bhfáithe:Anois beathóidh mé iad le mormónta,agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól,mar is ó fháithe Iarúsailéim amacha leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.
16 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd;is do bhur mealladh atá siad,aithriseann siad físeanna a gcroí féin,agus ní as béal an Tiarna;
17 leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad,‘Gheobhaidh sibh síocháin’,agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlía gcruachroí féin:‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”
18 (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)
19 Anois éiríonn anfa an Tiarna,séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
20 ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.