24 An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorchaagus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn.Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
25 “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’
26 Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?
27 Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.
28 “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?- an Tiarna a labhraíonn.
29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine- an Tiarna a labhraíonn -nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30 “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile.