28 “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?- an Tiarna a labhraíonn.
29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine- an Tiarna a labhraíonn -nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30 “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile.
31 Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.
32 Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.
33 “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’
34 “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.