3 Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.
4 Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.
5 Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn -agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
6 Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.
7 “Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
8 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”
9 I dtaobh na bhfáithe:Tá mo chroí istigh ionam briste,creathnaíonn mo chnámha uile;is cosúil le fear meisce mé;is cosúil le fear a chloígh fíon mémar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;tá an tír lán d'adhaltranaigh.