34 “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.
35 Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’
36 Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.
37 Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’
38 Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna;
39 mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh.
40 Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”