8 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”
9 I dtaobh na bhfáithe:Tá mo chroí istigh ionam briste,creathnaíonn mo chnámha uile;is cosúil le fear meisce mé;is cosúil le fear a chloígh fíon mémar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;tá an tír lán d'adhaltranaigh.
10 (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.)“Chun olc a dhéanamh tá siad mearagus is é an mícheart a neart.
11 Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid- an Tiarna a labhraíonn.
12 Ar an ábhar seo is sleamhain an tslíatá ag síneadh rompu;sa dorchacht mar a ndíbreofar iadis ann a thitfidh siad.Óir tabharfaidh mise olc orthui mbliain a bhféachana- an Tiarna a labhraíonn.
13 I bhfáithe na Samáirechonaic mé nithe a chuir samhnas orm:thairngreadar trí Bhálagus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.
14 Ach i bhfáithe Iarúsailéimchonaic mé na nithe gránna:adhaltranas, síoréitheach,an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,nach bhfilleann aon duine óna olc;tá siad domsa mar Shodom,a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.